Bhíodh sí ag buachailleacht caorach agus eallaigh ar maidin ar an chnoc agus bhí am mhaith aici. Bhíodh a máthair ag sníodh agus ag cardáil, ag déanamh snátha, geansaí, blaincéid agus a n-éadach féin. Bhí a n-olann fein acu. Ní raibh tuirne ag duine ar bith ar an bhaile ach ag a máthair.